27ú Deireadh Fómhair,2020.

Do gach ball den chumann,

Seo litir fhoscailte ó chathaoirleach agus ó chisteoir CLG Na nDúnaibh. Mar is eol díbh, tá orainn díleáil le paindéim, agus ba mhaith linn a chur in iúl do bhaill iomlan an chumainn caidé atá i gceist le seo don chumann.

Nuair a thosaigh seo i mí Márta, shíl muid uilig inár gcuid soineantachta, mar a shíl achan duine, go mairfeadh sé roinnt seachtainí agus ansin go mbeadh rudaí ar ais mar a bhí. Tá muid anois ag tarraingt ar dheireadh Mí Dheireadh Fómhair agus tá muid, a bheag nó a mhór, mar a bhí muid i Mí Márta. Idir an dá linn tugadh cead dúinn a dhul ar ais ‘na páirce i Mí Meithimh 2020. Chuaigh seo go mór ‘un tairbhe dár bpeileadóirí faoi –aois agus an peileadóirí sinsir. Bhí sé ina bhuntáiste mór dár mbaill uilig a bheith ábalta fáil ar ais ar na páirceanna imeartha.

Mar is eol d’achan duine maireann cumann ar a chuid acmhainní. I gcaitheamh na mblianta d’éirigh leis an chumann dul chun cinn suntasach a dhéanamh, dhá pháirc peile druidte isteach, seastán, agus ionad ina bhfuil áiseanna nua-aimseartha. Ar na páirceanna peile tá bainisteoirí againn i ngach grád agus suim mhór acu an cumann a chur chun tosaigh. Tá barúlacha i gcónaí, den pháirc, leis an chumann a fheabhsú agus anois tá díon an ionaid ag fáil tús áite. Tá an cumann de shíor ag amharc ‘un tosaigh, ar an pháirc imeartha agus den pháirc.

Ó Mhí Márta tá ár bhfoinsí airgid chóir a bheith tráite. Bhí orainn stop a chur le Lotto an chumainn i Mí Márta, áirithintí a bhí againn d’imeachtaí a bhí ar cíos agus cha raibh againn ach dhá chluiche i rith na bliana ag a bhféadfaí geata a thógáil. Char athraigh an caiteachas a bhaineann le cumann a reáchtáil agus le foirne a chur ‘na páirce.

Ar feadh tamall maith de bhlianta, bhí muid ag brath ar an Lotto le bunús na gcostaisí reáchtála a sheasamh. Bhí an Lotto, go traidisiúnta, ag brath ar ghrúpa d’oibrithe díograiseacha a dhíol na ticéidí seo. Ar an drochuair cha dtig seo a dhéanamh anois de thairbhe COVID. Thosaigh muid Lotto ar líne i Mí Lúnasa ach ar an drochuair níl seo chomh rathúil agus a mheas muid go mbeadh sé.

Nuair a thiocfaidh deireadh leis an ghéarchéim seo, agus tiocfaidh, caithfidh muid a bheith sa staid gur féidir linn gluaiseacht ‘un tosaigh.

Cé go dtuigeann muid uilig go bhfuil an Paindéim seo cruaidh d’achan duine, tá muid ag impí ar an baill uilig agus lucht tacaíochta CLG Na nDúnaibh a ndícheall a dhéanamh le tacaíocht a thabhairt d’ócáidí bhailithe airgid san áit gur féidir.

Clárúchán Ball.

I Mí Márta chuir muid stop le clárúchán mar go raibh gartheagmháil i gceist. Chuir CLG síneadh ama le ballraíocht go dtí Deireadh Fómhair 31ú. Mar sin de tá muid ag achainí ar na baill nach bhfuil cláraithe go fóill, a dtáillí ballraíochta a íoc anois. Thig seo a dhéanamh tré airgead a chur i gclúdach litreach agus d’ainm agus do uimhir gutháin a bheith leis agus é a chur isteach bosca litreach Eoin nó Ristéard. Ciallaíonn d’uimhir gutháin gur féidir admháil a chur chugat.

Lotto an Chumainn.

Beifear ag cur tús le boscaí lotto féinseirbhíse a chur i siopaí de gach sórt atá sa pharóiste, gan mhoill. Bhéarfaidh seo deis do mhuintir na háite an Lotto a fháil i dtimpeallacht atá sábháilte ón COVID.

Ná déan dearmad go dtig an Lotto a imirt fosta ar line ag – nadunaibh.ie, áit ar bith sa domhan mhór!

Cranchur Náisiúnta na gClubanna.

Tá ticéidí do Chranchur Náisiúnta na gClubanna ar fáil ag — na dunaibh.ie agus beidh siad le fáil go luath ó dhíoltóirí an chumainn.

Má tá suim agat na ticéidí seo a dhíol faigh i dteagmháil linn.

Dúirt John F Kennedy uair amháín ‘ Ná fiafraigh caidé a thig le do thír a dhéanamh duitse ach caidé a thig leatsa a dhéanamh dod thír’. Tá muidinne ag rá anois –‘ Ná fiafraigh caidé a thig le do chlub a dhéanamh duitse ach caidé a thig leatsa a dhéanamh dod chlub’


Eoin Ó Broin

Cathaoirleach


Risteard Ó Conghaile

Cisteoir